Sásra Faireacháin Reachtúil Neamhspleách

Inrochtaineacht Gréasáin

Cabhair d'Úsáideoirí faoi Mhíchumas

Tá Oifig Phríomh-Chigire na Nósanna Imeachta Teorann Tearmainn tiomanta do leibhéal comhréireachta Triple-A a bhaint amach leis na Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar Gréasáin arna bhforbairt ag an Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin (WAI) agus cloí le Treoirlínte Inrochtaineachta TF an Údaráis Náisiúnta Míchumais .

Ag Úsáid an Eochair Tab chun Léim idir Naisc

Is féidir leat an eochair Tab ar do mhéarchlár a úsáid chun léim ó nasc amháin go nasc eile. Soláthraíonn gach barra nascleanúna ar an suíomh ord loighciúil chuige seo.

Formáidí Doiciméad

Tá go leor de na foilseacháin ar an suíomh gréasáin seo ar fáil i bhformáid PDF chun go mbeidh sé níos fusa iad a léamh agus a phriontáil as líne. Ní bhíonn an fhormáid seo inrochtana go héasca i gcónaí do dhaoine faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, tá achoimrí curtha ar fáil againn ar fhormhór na ndoiciméad a chuireann formáid mhalartach ar fáil seachas na doiciméid PDF.

Chun doiciméid PDF a léamh, ní mór Adobe Reader a bheith ar do ríomhaire. Íoslódáil Adobe Reader saor in aisce.

Íomhánna

Tá tréithe ALT tuairisciúla i ngach ábhar agus íomhá mhaisithe ar an suíomh seo. Cuirtear teidil ALT ar fáil chun ábhar nó cuspóir na híomhá atá i gceist a mhíniú.

Déan Teagmháil Linn

Má bhíonn aon deacrachtaí agat agus an suíomh seo á úsáid agat, cuir in iúl dúinn é trí ríomhphost a sheoladh chuig: [email protected]